Márta
Bhí traenáil sacair ar siúl do bhuachaillí agus cailíní Rang 5 agus Rang 6 le linn mí an Mhárta. Beidh comórtas sacair i mí Aibreáin agus tá na daltaí ag tnúth go mór leis.
There was soccer training for the boys and girls of Rang 5 and Rang 6 during the month of March. There will be a competition in April and the pupils are looking forward to it.
Ghlac na daltaí páirt i roinnt ceachtanna le Ledwith Wellness le linn mí an Mhárta. Le linn na gceachtanna, phléigh na daltaí buairt, strus, straitéisí agus go leor rudaí eile. Anseo, feiceann muid na daltaí ag glacadh páirte i machnamh.
The pupils completed a number of lessons with Ledwith Wellness during March. During the lessons they learned about anxiety, stress, coping strategies and much more. Here, we can see the pupils participating in meditation.
Neart oibre déanta ag na daltaí le linn sa gcomórtas díospóireachta.
The pupils worked very hard throughout the debating competition.
Chruthaigh na daltaí néad le haghaidh ealaín na Cásca.
The pupils created nests for Easter art.
Feabhra
Bhí craic ‘s spraoi ag an rang ag seinm na ndrumaí le múinteoir eachtrach. Bhí deis acu triail a bhaint as cúpla uirlis difirúil.
The pupils had great fun playing the drums. An external teacher came into the school to do a session with the pupils. They had the opportunity to play a couple of different instruments.
D’imir roinnt de na cailíní ón rang agus ó rang Marcus, cluiche sacair in aghaidh Scoil Chroí Naofa. Bhí na daltaí eile ann chun breathnú ar an gcluiche agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann.
A lot of the girls in the class and in Marcus’ class played a soccer match against Scoil Chroí Naofa. The rest of the pupils watched the match and supported the team.
Tháinig an ealaíontóir ar ais chuig an scoil chun an ealaín a thabhairt do na daltaí. Ar dtús, bhí orthu peinteáil a dhéanamh agus glé-oighear a chur ar an ealaín. Seachtain i ndiaidh sin, thug an ealaíontóir na píosaí dúinn. Beidh na málaí scoile crochta mar thaispeántas inár scoil nua, amach anseo.
The artist returned to our school so the pupils could paint and glaze their pieces. Once they were fully completed, the artist returned the pieces to us. The school bags created by the pupils will be used as a display, in our new school, in the future.
Bhí cóisír píosta ag an rang chun ceiliúradh an bhua a bhí againn sa gcomórtas díospóireachta. Buaiteoirí an chontae! Comhghairdeachas a pháistí!
We had a pizza party in the class to celebrate winning the debating competition. County champions! Well done everyone!
Bhí deis ag na daltaí codú a dhéanamh, ag baint úsáid as legó, mótair agus ríomhairí.
The pupils had the opportunity to do a bit of coding, using lego, motors and computers.
Bíonn ranganna rince ar siúl chuile Mháirt ar scoil. Bíonn craic ‘s spraoi ag na daltaí!
The pupils participate in dancing classes every Tuesday at school. The pupils have a lot of fun dancing together!
Eanair
Tháinig ealaíontóir isteach chun ealaín a dhéanamh le na daltaí. Rinne siad cré agus chruthaigh siad rudaí iontacha. Bhí an ealaíontóir ar ais i gceann coicíse agus críochnóidh muid an ealaín.
An artist came in to work with the class. They created brilliant pieces using clay. The artist will be back in a fortnight or so and the pupils will be able to finish off their pieces.
Bhí cuairteoir againn sa rang! We had a visitor in the class!
D’imir muid go leor cluichí difriúla ag am corpoideachais ar nós sacair agus seachain an liathróid.
We played a lot of different games at PE, including soccer and dodgeball.
D’fhoghlaim muid faoi na cearta atá ag páistí agus daoine timpeall an domhain.
We learned about the rights of children and people around the world.
Bhí deis ag na daltaí bean a roghnú. Chruthaigh na daltaí a dtionscnamh féin i ndiaidh taighde a dhéanamh. Roghnaíodh roinnt mná difriúla: réaltaí spóirt, mná stairiúla agus ceoltóirí.
The pupils had the opportunity to pick a woman for a project. The pupils completed online research. A variety of women were picked: sports stars, historical figures, musicians and much more.
Rinne na daltaí tionscnaimh ghrúpa chomh maith. Roghnaíodh ábhair dhifriúla bunaithe ar Stair na mBan. Bhreathnaigh na daltaí ar ábhair ar nós Na Sufráigéidí, Oideachas na mBan na blianta ó shin agus Ról na mBan sa bhliain 1900.
The pupils also completed group projects. They were able to pick the theme based on Women’s History. The pupils looked at a wide range of subject such as The Suffragettes, Women’s Education in 1900 and Women’s Role in 1900.
Nollaig 2024
Chuaigh muid go dtí Coláiste an Chlairin chun breathnú ar an gceoldhráma “Matilda.”
We went to Clarin Colllege to watch their T.Y. musical “Matilda.”
Rinne muid go leor taighde agus cleachtadh sa rang dár ndíospóireacht. An rún a bhí ós ár gcomhair ná “Getting rid of plastic pollution in our oceans is just a dream.” Labhair muid i gcoinne an rúin.
We did a lot of research and practicing in the classroom for our debate. The motion was “Getting rid of plastic pollution in our oceans is just a dream.” We spoke against the motion.
Bhí neart ealaíne déanta ag na daltaí bunaithe ar théama na Nollag.
The pupils did a lot of artwork based on Christmas.
Bhí deis ag na daltaí dul go dtí Coláiste an Eachréidh chun margadh na Nollag a fheiceáil.
The pupils had the opportunity to go to Coláiste an Eachréidh to roam around their Christmas market.
Rinne Rang 6 taispeántas os comhair Naíonáin Mhóra. I ndiaidh sin, chas Naíonáin Mhóra cúpla amhráin dúinn.
Rang 6 performed their drama in front of Naíonáin Mhóra. Afterwards, Naíonáin Mhóra sang a couple of songs for us.
Bhí féilire Nollag againn sa rang. Bhí deis ag chuile páiste bosca a chasadh thart agus bhuaigh siad duais.
We had an advent calendar in the classroom. Everyone had the opportunity to turn over a box and were rewarded a prize.
Samhain 2023
Dhírigh an rang isteach ar chúrsaí STEM. Thóg na daltaí rudaí difriúla ag baint úsáid as Lego agus mótair.
The class focused on STEM. The pupils built different things using Lego and motors.
Bhí an rang ag déanamh códaithe. Bhain siad úsáid as gléasanna Makey-Makey agus SCRATCH. D’imir siad cluichí ar líne. Thaispeáin siad na cluichí do dhaltaí Rang 2.
The class were coding this month. They used Makey-Makey devices and SCRATCH. The played games online and demonstrated them to a couple of pupils in Rang 2.
Bhí trí cheacht ag na daltaí bunaithe ar dhearadh. Tháinig aoichainteoir isteach chun ceachtanna a dhéanamh leis an rang.
The pupils completed three lessons with Junior Achievement Ireland based on the “Power of Design.” An expert came into the classroom to speak to the children.
Ghlac buachaillí agus cailíní ó Rang 5 agus Rang 6 páirt i dtraenáil sacair sa halla, ag am lóin, le linn na míosa.
D’fhreastáil na daltaí ó Rang 5 agus Rang 6 ar dhá cheoldhráma le linn mí na Samhna. Bhain siad sult as breathnú ar dhaltaí ó Choláiste an Eachréidh agus Coláiste an Chláirín.
The pupils from Rang 5 and Rang 6 attended two musicals in November. Coláiste an Eachréidh performed “Back to the 80s” while Clarin College performed “Matilda.”
Ealaín déanta ag na daltaí le dúch, StyroFoam agus rollóirí.
Prints done by the pupils with ink, StyroFoam and rollers.
Deireadh Fómhair 2023
Chuaigh an rang ar thuras scoile. Chuaigh muid go dtí an Town Hall chun breathnú ar dhramaíocht le linn Féile Baboró. I ndiaidh sin, bhí deis ag na daltaí dul timpeall an mhúsaeim.
The class went on a school tour. We went into the Town Hall to watch a drama during the Baboró Festival. Afterwards, we went around the Galway City Museum.
Tháinig údar agus file, Áine Ní Ghlinn, isteach go dtí an rang. Rinne sí ceardlann scríbhneoireachta le na daltaí.
Author and poet, Áine Ní Ghlinn, visited the class. We did a writing workshop with the pupils.
Fuair muid micreascóip ar iasacht ón Ollscoil na Gaillimhe. Chuaigh na daltaí timpeall na scoile agus bhailigh siad samplaí difriúla. Rinne siad imscrúdú orthu i ndiaidh.
The school loaned microscopes from the University of Galway. The pupils went around the school and collected different samples. They examine the specimens afterwards with the microscopes.
Le haghaidh Seachtain Mhata, rinne na daltaí tráth na gceist ar líne le scoileanna difriúla timpeall na tíre.
During Maths Week, the pupils did an online quiz with schools from around the country.
Tá go leor cleachtadh ar siúl againn na laethanta seo dár gcomórtas díospóireachta. Déanann na daltaí taighde ar na taibléid, pléann siad a gcuid pointí, cruthaíonn siad óráidí agus labhraíonn siad os comhair an ranga.
There is a lot of practice taking place for our upcoming debating competition. The pupils complete research using the tablets, they discuss the points they’ve found, they create speeches and speak in front of their peers.
Ealaín iontach déanta ag na daltaí le haghaidh Oíche Shamhna. D’úsáid na daltaí stionsail, spúinsí agus StyroFoam chun cló a dhéanamh.
The pupils have done brilliant artwork for Halloween. They used stencils, sponges and StyroFoam to print their artwork.
Ghleas na daltaí suas ar an Aoine deireanach, roimh an mbriseadh, le haghaidh Oíche Shamhna.
The pupils dressed up on the last Friday, before the break, for Halloween.
Neart ealaíne déanta ag na daltaí ó thús na bliana.
The pupils have done plenty of artwork since the start of the year.
Scríobh muid amach na grúpaí don Chorn Domhanda agus rinne muid beagáinín taighde orthu. We wrote out the groups for the Rugby World Cup and did a little bit of research on the countries
Neart plé agus caint déanta againn bunaithe ar chíbearbhulaíocht. D’fhoghlaim muid na céimeannna má dhéantar cíbearbhulaíocht orainn: STOP; GABHÁIL SCAILEÁIN; BLOCÁIL; INIS!
We have had a lot of discussions about cyberbullying! We learnt the steps if cyberbullying is taking place: STOP; SCREENSHOT; BLOCK; TELL!
Thosaigh muid ceachtanna snámha le linn Mí Dheireadh Fómhair. Rinne muid plé, caint agus ealaín ar na rialacha nuair atá muid ag an linn snámha agus san uisce.
We started swimming lessons in October. We discussed and did artwork based on the rules of when we’re at the swimming pool and when we’re in the water.
Le linn ceachtanna eolaíochta, rinne muid taighde bunaithe ar ainmhithe i mbaol. Bhí ar chuile dalta ainmhí amháin a roghnú. Ansin, d’úsáid muid na taibléid scoile chun eolas a fháil faoin ainmhí.
During science lessons, we researched endangered animals. Every pupil had to pick an animal. Then, we used the school tablets to look up information about the animal.
Rinne muid staidéar ar na hoileáin timpeall Éireann. Chruthaigh na daltaí broisiúir bunaithe ar a n-oileáin féin.
We studied the islands around Ireland. The pupils created their own brochures based on their own islands.
Tá na daltaí sa rang tar éis a bheith ag obair go dian, ag úsáid atlais.
The pupils in the class have been working hard with atlases in class.
Bíonn na daltaí ag imirt cluichí spraiúla sna ceachtanna corpoideachais. Anseo, bhí orthu cruthanna difriúla a chruthú lena gcoirp.
The pupils play fun games during PE lessons. Here, the pupils had to create different shapes using their bodies.
Le linn na míosa, dhírigh an rang isteach ar chispheil chomh maith.
Throughout the month, the class also focused on basketball as well.
Tháinig traenálaí haca isteach ón gclub áitiúil, Athenry Swans Hockey Club, chun seisiún a dhéanamh leis an rang.
A hockey coach from the local club, Athenry Swans Hockey Club, came into the school to do a session with the class.
Tá tús curtha leis an traenáil spóirt sa scoil chéana féin. Bíonn na daltaí ag imirt iománaíochta/camógaíochta agus imríonn siad peil Gaelach.
Labhair aoichainteoir leis an rang maidir le ríomhshábháilteacht.
An expert spoke with the class regarding internet safety.
Bhí deis ag na daltaí uilig dul go dtí Coláiste an Eachréidh don lá chun triail a bhaint as ábhair dhifriúla. Le cabhair ó na daltaí meánscoile, chruthaigh siad na cáis peann luaidhe.
The pupils had the opportunity to go to Coláiste an Eachréidh for the day, to try out different subjects. With help from the secondary school students, they created pencil cases in the woodwork room.
Rinne na daltaí ceardlann scríbhneoireachta le comhlacht darb ainm “Fighting Words.” Bhí an ceardlann bunaithe ar scríbhneoireacht cruthaitheach agus bhí sé déanta as Gaeilge.
The pupils did a writing workshop with an organisation called “Fighting Words.” The workshop was based on creative writing and was done through Irish.
Thosaigh an rang ag plé díospóireachtaí. Bhí go leor comhoibriú ar siúl agus go leor taighde ar na taibléid.
The class started to discuss debates. There has been a lot of teamwork taking place and a lot of research on the tablets.