EalaĂ­n Ranga

Seo cuid den ealaĂ­n a rinne na pĂĄisti don seachtain BithĂ©agsĂșlacht.  TĂĄ aicsean iontab ar fad ag tarraingt.

Fire Brigade

ThĂĄining an BriogĂĄid DĂłiteĂĄin isteach againn chun labhairt faoi tĂĄbhachtach sĂĄbhailteacht tine a lĂ©iriĂș.

Medieval

BhĂ­ an-chraic ag na pĂĄistĂ­ le Warren agus Barry inniu trĂ­d an clĂĄr “NĂ­ ceart go cur le chĂ©ile”.

Sacar

Bhuaigh Andrea agus Saidhbh an tSraitch comĂłrtas sacar faoi 12 i nGaillimh i mbliana. Maith sibh a chailĂ­nĂ­!

“Ní ceart go cur le cheile”

TrĂ­d an clĂĄr “NĂ­ ceart go cur le cheile”, thĂĄinig Lisa Bonner isteach chun labhairt faoi cearta pĂĄistĂ­ timpeall an domhain.  Bhain na pĂĄistĂ­ an-spraoi agus suĂ­m as.

BhĂ­ Martha Ăł baile s’againne istigh chuig Rang 5 & 6 chun labhairt faoi Spectrocopy agus Spectrometry. 

Fuair na pĂĄistĂ­ an-suimĂșil Ă© go deo.

Chuaigh muid ar cuairt chuig oifigĂ­ Fidelity i cathair na Gaillimhe.  D’fhoglaim na pĂĄistĂ­ an t-uafas faoin saol oibre istigh ann.

The class was kindly invited into the offices of Fidelity in Galway City.  The students learned a great deal about working life from their employees.

Rinne muid 4 seisiĂșn le Sharon Ledwith maidir le follĂĄine agus cursaĂ­ imnĂ­ a bheadh ar na pĂĄistĂ­ agus bealaĂ­ chun Ă© a lĂĄmhseĂĄil

We did 4 Wellness & Anxiety sessions with Sharon Ledwith.  It proved very beneficial on how the students could regulate and handle their emotions.

JAI

Go raibh mĂ­le maith ad do GhrĂĄinne a chaith 5 seachtaine leis an rang ag dĂ©anamh an Junior Achievement linn.  D’fhoglaim siad an t-Ășafas as an taithĂ­ maidir le domhan s’againne agus an todhchaĂ­.

Damhsa

Bhi Sandra Ăł Junior Jiving istigh linn chun beagan damhsa a mhĂșnadh dĂșinn.  BhĂ­ na stepanna ar fad acu!

Drums

ThĂĄinig Rory isteach againn chun blas go na drumaĂ­ athabhairt dĂșinn.  Bhain siad an-spraoi as a bheith ag obair mar aonad drumaĂ­ amhĂĄin.

PancĂłga

Le haghaidh LĂĄ na PancĂłga, rinne an cuigear iontach seo pancĂłga don rang.  Go raibh maith agaibh a chailĂ­nĂ­!

Multiple Intelligence

Rinne na pĂĄistĂ­ tuilleadh tionscnamh iontach an tseachtain seo le haghaidh Obair Bhaile.

ThĂĄinig Áine NĂ­ FhlĂĄtharta isteach chuig Rang a 5 chun labhairt faoi BitheagsĂșlacht.  Bhaineadar an- taitneamh as foghlam faoin dĂșlra thart timpeall na scoile.

Ta Rang 5 & 6 ag déanamh an Clår Junior Achievement faoi låthair.

Seo Ă© an Coiste GnĂ­omhach atĂĄ againn sa scoil i mbliana.  Go raibh mĂ­le maith acu ar fad as ucht lĂ©iriĂș spĂ©is i cursaĂ­ na scoile agus guĂ­mid gach rath orthu lena feachtas.

ThĂłg muid droicheaid an tseachtain seo caite ag ĂșsĂĄid mĂĄidĂ­ lĂ­reacĂĄin.

Chuaigh muid sĂ­os go dtĂ­ CeoldrĂĄma ColĂĄiste an ÉachrĂ©idh “Back to the 80’s”.  Cheap na pĂĄistĂ­ go raibh sĂ© thar barr.  BhĂ­ iar-scolairĂ­ Ăł Gaelscoil Riada ins san ceoldrĂĄma.  BhĂ­odar ar fad ar fheabhas.

ThĂĄinig an scrĂ­bhneoir Aine NĂ­ Ghlinn isteach sa rang inniu ar cuairt.  Labhair sĂ­ faoi na leabhra Ă©agsĂșla ar fad atĂĄ scrĂ­obhta aici, an bealach chun tĂșs a chur le scrĂ­bhneoireacht agus chun caractair a leathnĂș amach.

Ghlac sĂ­ le ceisteanna bhĂ­ ag na pĂĄistĂ­ ag an deireadh.

Bhaineamar triail inniu as na micreascĂłip a thĂĄining isteach Ăł Ollscoil na Gaillimhe.  Thug daltaĂ­ Ăł Rang 6 Muinteoir PĂłl cĂșnamh dĂșinn chun cleahtadh a fhĂĄil ag ĂșsĂĄid iad. 

Cheap na daltaí go raibh siad go hiontach agus d’fhoghlaim siad go leor as.

Thriail muid tionscnaimh ag baint ĂșsĂĄid as mĂĄla plaisteach, cairtphaipĂ©ar, sreang agus ubh chun parasiĂșt a dhĂ©anamh.

An aidhm a bhĂ­ againn nĂĄ an ubh a choinneĂĄl slĂĄn sĂĄbhĂĄilte.  Chaith muid na parasiut amach an fhuinneog
..faraor nĂ­or mhair gach ubh tar Ă©is an eitilt!

BhĂ­ an-lĂĄ ag na pĂĄistĂ­ istigh i Halla na Cathrach DĂ© hAoine seo caite ag fĂ©achaint air “The Crow’s Way”. 

BhĂ­ ceardlann ealaĂ­ona againn le SinĂ©ad McDermott an tseachtain seo caite.  BhĂ­ se bunaithe ar OĂ­che Shamhna agus bhĂ­ an-spraoi ag na daltaĂ­.

Le haghaidh seachtain mata bhĂ­ muid ag dĂ­riĂș isteach ar lĂ­nte & uillineacha agus cĂĄ bhfeiceann muid iad go laethĂșil.

Ghlac muid pĂĄirt i TrĂĄth na gCeist Mata Ă©agraithe ag an PDST don Secahtain Mata.  BhĂ­ neart diospĂłireacht faoi na freagraĂ­ ar fad agus bhaineadar an-sult as.

Seo cĂșpla pĂ­osa obair atĂĄ dĂ©anta ag an rang le gairid.

Stair na hÉireann le linn tĂșs an 20Ăș aois.

A painting based on an English poem we read and discussed regarding children and parents.

Ta caidrimh eilifint an-chosĂșil leis an gcaidreamh a bhĂ­onn againn lena ChĂ©ile.

Rinne muid tionscnaimh an tseachtain seo caite maidir le Multiple Intelligence.

Rinne na daltaĂ­ rĂ©imse leathan rudaĂ­ bunaithe ar bĂĄcail, scileanna sport, I.T, scrĂ­obh, ag tĂłgaĂ­l rudaĂ­, ag peinteĂĄil, tuairaisc faoi duine stairiĂșil, crochet agus cleachtadh uirlĂ­sĂ­ ceoil.

BhĂ­ an iarracht a rinneadar go hiontach ar fad.  Maith sibh ar fad!

Chéad cupla seachtain bailigh thar muid agus gach duine sona såsta le bheith ar ais ar scoil.

First couple of weeks are over us and everyone is happy to be back at school.