Rinne Naíonáin Bheaga ealaíon álainn le buataisí sa mbáisteach!

Bhí Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoin mbliain Nua Síneach, Bliain an Nathair.

Maisiúcháin ar an gcrann

Chuaigh Naíonáin Bheaga síos go dtí an Crann Nollaig mór i mBaile Átha an Rí agus chroch siad suas maisiúcháin deasa a bhí déanta acu.

Seó Nollag

Chuir Naíonáin Bheaga taispeántas iontach ar siúl do phobal na scoile don Seó Nollag.

Maith sibh!

Naíonáin Bheaga Maisiúcháin

Rinne Naíonáin Bheaga maisiúcháin Nollag as cré. Nach iad atá gleoite?

Bhí Naíonáin Bheag ag tástáil airíonna cruthanna 3-T

Fir Sneachta Naionáin Bheaga

Bhí Naíonáin Bheaga ag péinteáil Fir Sneachta an lá ar thit go leor sneachta i mBaile Átha an Rí.

Bh Naíonáin Bheaga ag léamh an scéal Ulchabháin Óga. Bhain siad an-sult go deo as an scéal agus ag péinteáil na hUlchabháin Óga.

Bhí Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi fás agus athrú agus d’fhéach siad ar phictiúir dóibh fhéin agus iad ina bpáistí beaga bídeach!

An n-aithníonn tú iad?

Bhí go leor spraoi againn ag gléasadh suas i gcomhair Oíche Shamhna. Nach bhfuil na cultacha go hálainn?

Seachtain Mata

Naíonáin Bheaga ag obair ar uimhreacha 1-5.

Ealaion Oiche Shamhna

Tá Oíche Shamhna ag teacht agus tá Naíonáin Bheaga ar bís.
Seo roinnt den ealaíon atá déanta acu le seachtain.

Seachtain Spáis

Bhí Naíonáin Bheaga mar spásairí iontach!

Duilleoga Deasa

Rinne Naíonáin Bheaga priondáil deas le duilleoga an Fhómhair.

Ealaíon

Bhí Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi dhathanna an Fhómhair agus ag péinteáil crainn deas ag úsáid a gcuid méara!

Coille ag Mainistir Eiscir

Bhí siúlóid álainn ag Naíonáin Bheaga timpeall na coille ag Mainistir Eiscir.

Picnic

Bhí picnic deas ag Naíonáin Bheaga sa ghrian.

Naíonáin Bheaga ag obair as lámah a chéile i mbliana

Bhí Naíonáin Bheaga ag foghlaim faoi na dathanna an tseachtain seo. Nach deas iad na boghanna báistí?

Thug Naíonáin Bheaga cuairt ar an bpáirc spraoi don chéad uair i mbliana! Bhí an-spraoi go deo againn!