Ábhar Ceiliúrtha
Is ábhar ceiliúrtha dúinn a dhearbhú go bhfuil cead pleanála oifigiúil tugtha ag An mBord Pleanála chun Gaelchampas a thógáil i mBaile Átha an Rí.
Ó bunaíodh Gaelscoil Riada i 2006, tá pobal uile na scoile ag fanacht go foighneach leis an dea-scéala seo- Is céim suntasach é an cead pleanála i bhforbairt na físe a bhí ag bunaitheoirí an dá scoil, Coláiste an Eachréidh agus Gaelscoil Riada agus Naíonra An Teach Spraoi.
Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Oideachais ar an gcéad chéim eile sa bpróiseas tógála. Seo cloch mhíle don oideachas lán -Ghaeilge in Oirthear na Gaillimhe.
It is with great joy and celebration that we can now officially announce and confirm that An Bord Pleanála has given full planning permission to build a new Gael-Campus in Athenry which will house our new school, An Teach Spraoi Naíonra and Coláiste an Eachréidh.
Since we were first established in September 2006, we have been waiting patiently for this announcement. The granting of planning permission is a momentous milestone in what our founding members envisioned all those years ago, a thriving and progressive Gael-Campus where our children learn, develop, and flourish through the medium of our native Irish language.
We can now look forward to working closely with the Department of Education in cementing the foundations and building blocks of our new state of the art school. The future is indeed promising and bright!